font:
Dreoilín

Seol do smaointe maidir le caitheamh aimsire i mBaile Ó Síoda chugainn

Fáilte roimh thuairimí.

Seol r-phost nó litir chugainn, nó cuir glaoch fóin orainn, faoinar mhaith leat a fhoghlaim agus a fheiscint i gCoill Bhaile Ó Síoda.

Seans go gcabhróidh cuid de na ceisteanna seo leat tabhairt faoina rá linn cad ba mhaith leat a fheiscint i mBaile Ó Síoda:

fernCliceáil anseo chun na ceisteanna a íoslódáil mar dhoiciméad méith-théacs Word

  • Cad é an tsainghné is suntasaí de Choill Bhaile Ó Síoda?

  • Cad eile a thaitníonn leat i dtaobh na gcoillte seo?
  • Cad é nach dtaitníonn leat i gCoill Bhaile Ó Síoda? (Cad a d’fhéadfaí a fheabhsú?)
  • Cén sórt caitheamh aimsire atá oiriúnach i gCoill Bhaile Ó Síoda?
  • An bhfuil na cosáin ann oiriúnach do bhugaithe, cathoireacha rothaí, seanóirí agus daoine eile a dtaitneodh an choill leo?
  • Conas is cóir iad a fheabhsú?
  • Cad iad na háiseanna eile ba mhaith leat a fheiscint i gCoill Bhaile Ó Síoda?
  • Conas ab eol duit é dá mbeadh an iomad daoine ag úsáid Coill Bhaile Ó Síoda?
  • Cad is cóir don Chomhairle Contae a dhéanamh chun ró-úsáid a chosc?
  • Cad iad na speicis i mBaile Ó Síoda, nó gnéithe d’oidhreacht Bhaile Ó Síoda, ar mhaith leat foghlaim ina dtaobh?
  • Cad is cóir a dhéanamh, más cóir rud ar bith, leis an spás oscailte féarmhar laistigh den choillearnach?
  • Speicis neamhdhúchasacha is ea cuid mhaith de na sean-chrainn i mBaile Ó Síoda. De réir mar a théann na crainn seo in aois is gá athphlandáil: ar cheart na speicis chéanna, nó speicis dhúchasacha, a athphlandáil ina n-áit?
  • Cad ba mhaith le páistí (luaigh aois!) a fhoghlaim i mBaile Ó Síoda?
  •  

    Múinteoirí: cliceáil anseo le haghaidh liosta ceisteanna faoi thurasanna scoile.

    Seol do chuid moltaí go dtí Sasha Bosbeer:
    sashatrees at hotmail.com info at sylvaneco.com
    087 6685836,
    nó cuir do chuid moltaí sa phost go dtí: f/c Kevin Boyle, Comhairle Contae Chiarraí, Trá Lí. Seol do chuid smaointe agus freagraí chugainn roimh 31 Iúil 2008, led’ thoil.

    Gura maith agat as do chuid ama.